Park Run Nua le Mary Tynan

My first attempt at mobile journalism, after unsuccessfully pitching the story to an actual news crew.  I decided to do it at the last minute, and didn’t have a microphone so the sound quality is very bad on the interview.  Text of the voiceover is as follows:

Seoladh Park Run nua in Ollscoil na Gaillimhe maidin inniu. Is é seo an dara Park Run sa chathair – thosaigh an chéad ceann i gCnoc na Cathrach i 2014.

Is eachtra saor in aisce é Park Run a tharlaíonn ar fud na cruinne gach Satharn ag leathuair tar éis a 9 ar maidin. Oibríonn gach duine go deonach ann. Tá céad is daichead a trí Phark Run ar siúil in Éireann gach deireadh seachtain, agus bíonn cinn nua ag tosú an t-am ar fad.

Tá an ceann nua seo eagraithe ag Anna Sheehy. Is mac léinn PhD san ollscoil í, agus bhí roinnt ball den Chumann Mac Léinn Iarchéime ann mar oibrithe deonacha freisin. Labhair mé le hAnna.

Agallamh anseo

Ghlac timpeall ar dhá chéad daoine páirt sa rith inniu, méara Cathair na Gaillimhe, an Comhairleor Eddie Hoare, san áireamh. Cé go raibh an fhearthainn ag titim go trom ag an deireadh, is dócha gur bhain an chuid is mó de sult as an ócáid, agus bhí an-jab déanta ag na heagraithe go léir.

Is mise Mary Tynan in Ollscoil na Gaillimhe.

 

 

Canadh agus Caint – Part Three

There will be a third session of Canadh agus Caint returns for a second session on Wednesday, 25 August, at 7.30 pm.  We will start off by learning a simple song in Irish, and then see where the conversation takes us.  Irish speakers of all levels are welcome, from complete beginners (we recommend Duolingo) to fluent Gaeilgeoirí.  As usual, you need to register for this in advance by emailing notesfromxanadu@hotmail.com, and materials will be sent out in advance

This month, Canadh agus Caint will be hosted by our artistic director Mary Tynan, and we will be learning Bean Pháidín.  See you there!

Beidh an triú seisiún Canadh agus Caint ar siúil ar an gCéadaoin, 25 Lúnasa, ag 7.30 pm.  Beidh muid ag foghlaim amhrán simplí as Gaeilge, agus ansin, tar éis an canadh, an caint.  Beidh fáilte roimh daoine le gach leibhéal Gaeilge.  Mar ghnáth, ní mór duit clarú le haghaidh an imeacht – seol ríomhphoist chuig notesfromxanadu@hotmail.com – agus seolfaidh muid nasc agus focail an amhráin duit roimh an oíche.

Beidh Canadh agus Caint óstailte le ár stiúrthóir ealaíne, Mary Tynan, agus beidh muid ag foghlaim Bean Pháidín. Bígí linn!

Canadh agus Caint – Part Two

After a successful launch in April, Canadh agus Caint returns for a second session on Thursday, 10 June, at 7.30 pm.  We will start off by learning a simple song in Irish, and then see where the conversation takes us.  Irish speakers of all levels are welcome, from complete beginners (we recommend Duolingo) to fluent Gaeilgeoirí.  As usual, you need to register for this in advance by emailing notesfromxanadu@hotmail.com, and materials will be sent out in advance

This month, Canadh agus Caint will be hosted by Suzanne Ledwith and Julia Kennedy, with assistance from our artistic director Mary Tynan.  See you there!

Beidh an dara seisiún Canadh agus Caint ar siúil Deardaoin, 10 Meitheamh, ag 7.30 pm.  Beidh muid ag foghlaim amhrán simplí as Gaeilge, agus ansin, tar éis an canadh, an caint.  Beidh fáilte roimh daoine le gach leibhéal Gaeilge.  Mar ghnáth, ní mór duit clarú le haghaidh an imeacht – seol ríomhphoist chuig notesfromxanadu@hotmail.com – agus seolfaidh muid nasc agus focail an amhráin duit roimh an oíche.

Beidh Canadh agus Caint óstailte le Suzanne Ledwith, Julia Kennedy, agus Mary Tynan. Bígí linn!

Canadh agus Caint

14 April at 7 pm will see the launch of our latest live event, Canadh agus Caint.  We will start off by learning a simple song in Irish, and then see where the conversation takes us.  Irish speakers of all levels are welcome, from complete beginners (we recommend Duolingo) to fluent Gaeilgeoirí.  As usual, you need to register for this in advance by emailing notesfromxanadu@hotmail.com, and a short vocabulary cheat sheet will be sent out with the link, as well as the words to the song.

Canadh agus Caint will be hosted by our artistic director Mary Tynan and contributor Suzanne Ledwith.  See you there!

Ar 14ú Aibrean, ag a seacht a chlog, tá muid ag tosú le eachtra beo nua, Canadh agus Caint.  Beidh muid ag foghlaim amhrán simplí as Gaeilge, agus ansin, tar éis an canadh, an caint.  Beidh fáilte roimh daoine le gach leibhéal Gaeilge.  Mar ghnáth, ní mór duit clarú le haghaidh an imeacht – seol ríomhphoist chuig notesfromxanadu@hotmail.com – agus seolfaidh muid nasc agus focail an amhráin duit roimh an oíche.

Beidh Canadh agus Caint óstailte le Mary Tynan agus Suzanne Ledwith.  Bígí linn!

Ficheall, le Gearóidín Nic Carthaigh

Geraldine McCarthy lives in West Cork.  She writes short stories, flash fiction and poetry.  Her work has been published in various journals, both on-line and in print. This is her third appearance at Notes From Xanadu.

Ar bhord íseal sa tseomra suite bhí an clár fichille. É foirfe fós, na píosaí go léir ina n-inead féin. Bhí Daithí ina shuí sa chathaoir uillinn, ag fanacht le go n-imeodh an teannas as a chuid matán. Bhí sé tar éis lá cruaidh a chur isteach, fear mar é, go raibh mórán idir lámha aige. Chaith sé braon fuisce siar. Dhóigh an leacht a scórnach, ach b’in é a bhí uaidh.

Ag an am seo den oíche, ba nós leis a mhachnamh a dhéanamh.  Bhí tábhacht leis an oscailt is bhí stráitéis ag teastáilt. Gan méar a leagan ar aon phíosa, d’oibrigh sé amach ina cheann cén treo ina raghadh sé.  Ar deireadh bhog sé an ceithearnach bán chun tosaigh i lár an chláir. Imirt chlaisiceach, ach ba dheacair é a shárú.

*

Bhí fhios ag Daithí go dtéadh Peaidí Ó Dónaill ag spaisteoireacht gach lá i ndiaidh lóin.  Canathaobh nach raghadh sé fhéin ar shiúlóid chomh maith?  B’in Peaidí ar bhóthar an chósta agus é ag féachaint amach ar an bhfarraige cháite .

“Conas tá agat, a Pheaidí?” arsa Daithí.

“A, mhuise, ag treabhadh liom,” arsa Peaidí.

“Is conas tá an cúram?”

“Táid ag déanamh dóibh fhéin anois.”

Thosnaigh an bheirt fhear ag siúil.

“Bhíos ag cuimhneamh fé thigh do thuismitheoirí ar an sráid mhór.”

Stop Peaidí aríst.  “An raibh, anois?”

“Ní bheadh fonn ort é a dhíol?”

“Ní bheadh. Sin tigh mo mhuintire, is beidh sé ag mo chlann im dhiaidh.”

“Raghadh cúpla árasán isteach ann go deas néata, mar sin féin.”

“Níl sé ar díol, a Dhaithí.”

Tháinig faoileán anuas chun breith ar cheapaire leath-ite a bhí caite ar chiumhais an bhóthair.

“Ach gheobhainn praghas maith duit.”

Chroith Peaidí a cheann.  “Mar a deirim, níl sé ar fáil.”

D’fhágadar slán ag a chéile is chuaigh Daithí thar n-ais chuig an oifig.

An oíche sin, áfach, d’fhillfeadh Daithí ar an bhficheall.

 

Chess Middle Game