An Deireadh Seachtaine

Oíche dé hAoine,
Ré don bhóthar,
I mo shuí sa chúl le deartháir agus driofiúr.
Ag imirt “I Spy,”
Ag canadh amhrán,
Máthair ag tabhairt seacláide dúinn.

Deireadh an turais,
Teach sa bhaile mór,
Iompartha isteach i lámha cinéalta athar.
Sceallóga prátaí,
Uncail aoibhiúil,
Boladh Players Uimhir a Sé agus móna.

Lá eile,
I gcistin tí feirme,
Aintín, uncail, col ceathracha agus Seanathair.
In aice leis an sorn
Te agus codlatach,
Ag éisteacht le scéalta faoi daoine anaithnide.

Tráthnóna Dé Domhnaigh,
An filleadh,
Go scoil agus leabhair is obair is baile.
Aistear níos ciúin,
Ag athmhachnamh,
Beidh muid arais an tseachtain seo chugainn.

Máire ní Theimhneáin