Seoladh Gearrscannán ‘Na Doirse’

Beidh premiere poiblí den ghearrscannán Gaeilge Na Doirse ar siúl in Gaelscoil Mhic Amhlaigh (H91 FV4D), Cnoc na Cathrach ag 7:30pm, Dé Máirt, 13 Bealtaine, eagraithe ag Gaeilge ABC.

Is ficseanú ar chuid den saol an stiúrthóra é an gearrscannán seo atá lonnaithe i gCathair na Gaillimhe, a bhaineann le cúrsaí rochtana, agus a thugann léirmheas dúinn ar shaol mic léinn aibí le míchumas agus na streachailtí ina saol laethúil – na doirse.

Is í Mary Tynan, bean le tinneas néareolaíoch ainsealach, atá ina láithreoir ar Flirt FM (Deich agus Rogha Nuacht na Seachtaine), agus aisteoir le neart taithí, a stiúir an gearrscannán le cúnamh ón scannánóir iomráiteach Seán Breathnach, mar chuid dá máistreacht i gCleachtas Gairmiúil sna Meáin in Ollscoil na Gaillimhe.

Beidh taispeáint den ghearrscannán, le seisiún ceisteanna agus freagraí tar éis na taispeána le Mary agus Seán, ar an oíche.

Is imeacht saor in aisce é seo atá oscailte don phobail uilig agus atá eagraithe i gcomhpháirtíocht le Gaeilge ABC. Is í Gaeilge teanga an imeachta.

Beidh fáilte roimh chuile duine a bheith ann ar an oíche!

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.