Ag Lorg Aisteoirí le Gaeilge le haghaidh Gearrscannáin i gCathair na Gaillimhe

Is athinsint ar Persuasion le Jane Austen é Áitiú agus Ionracas.  Chaith Áine a saol mar duine fásta go dtí seo ag tabhairt aire lena máthair easlán, a fuair bás le déanaí.  Anois tá deis ag Áine dul i gceann an tsaoil faoi dheireadh.  Nuair a bhí sí óg, bhí sí i ngrá le cailín, ach scar sí uirthi mar bhí deis ag an gcailín saol nua a thosú sna SA.  Rinne Áine é sin ar chomhairle a dearthair, mar gheall ar fáthanna éagsula a rinne ciall ag an am.

Ag tús an scannán, tá Aíne chun post nua, mar cuntóir don stiúrthóir ealaíne amharclainne áitiúla, agus faigheann sí amach go bhfuil Freddie, an cailín i gceist, tar éis bogadh ar ais ó Meiriceá.  Ar a céad lá sa phost nua, casann sí le fostaí nua eile – bainisteoir stáitse a bhog ar ais ó na SA le déanaí …

Scannán mic léinn atá ann, le haghaidh an MA (Cleachtas Gairmiúil sna Meáin) in Ollscoil na Gaillimhe.  Is dócha go gcuirfear an scannán isteach i bhféilte scannán freisin.  Is é Seán Breathnach, stiúrthóir an scannáin Foscadh, meantóir stiúrthóir an scannán seo.  Ar an drochuair níl aon pá i gceist, ach gheobhaidh tú cóip an scannáin críochnaithe le haghaidh do seóspól.  Beidh an scannánaíocht ar siúl i láithreacha éagsula i gCathair na Gaillimhe, an Taibhdhearc (an amharclann naisiúnta Gaeilge) san áireamh.

Tá spéis mór i scannáin Gaeilge faoi láthair, in Éirinn agus go hidirnáisiúnta, agus seo deis bheith páirteach leis an ghluaiseacht seo.  Ní gá duit bheith líofa 100% – beidh an criú ag obair trí Bhéarla – ach caithfidh tú bheith in ann do línte a labhairt go flúirseach, agus línte na daoine eile agus scéal an scannán a thuiscint chomh maith.

Má mhaith leat triail a dhéanamh le haghaidh ról éigin, seol rphost chuig an stiúrthóir, Mary Tynan, ar mttynan@hotmail.com le do CV agus grianghraf (beag – má tá ceann ar do CV sin ceart go leor) agus nasc do sheóspól má tá ceann agat.

DÁTÁI

12, 13 & 14 Feabhra 2023 i gCathair na Gaillimhe

FOIREANN AISTEOIRÍ

Freddie
Aois aisteoireachta: 35 – 50
Bean meánaosta, leispiach, bainisteoir stáitse
Pógann an carachtair seo beirt bhan eile sa scannán – caithfidh an aisteoir bheith compordach leis sin

Peadar
Aois aisteoireachta: 40 – 60
Fear meánaosta, deartháir Áine

Mairéad
Aois aisteoireachta: 30 – 60
Bean, stiúrthóir ealaíne na hamharclainne

 

Leave a Reply

Your email address will not be published. Required fields are marked *

This site uses Akismet to reduce spam. Learn how your comment data is processed.